top of page

Stair Leitir Mealláin

Picture1.jpg

Stair Thúr Cheann Gólaim

Sa mbliain 1804 a thóg Rialtas Shasana an túr Lloyd’s seo ar Oileán Ghólaim ag an am a raibh bagairt Napoléon agus ionradh na bhFrancach ar riail Shasana agus iad ag faire amach do dhaoine a bhíodh ag smuigleáil mórthimpeall an chósta chomh maith. Thóg na Sasanaigh 10 gcinn de na túir seo mórthimpeall chósta na hÉireann ach níl fágtha anois ach péire i ndearadh Lloyd, é seo agus an ceann eile i nDún na nGall.   

Is é ‘Rear Admiral Whitshed Flagannon’ a leag amach an plean le haghaidh é a thógáil. Sé bliana a thóg sé orthu an túr seo, atá trí stóir ar airde, a thógáil ar chostas £540.

Bhí na túir seo tógtha timpeall an chósta mar a raibh feiceáil ar aon chontúirt a bheadh ag teacht ón bhfarraige agus bhí córas acu chun é seo a chur in iúl dá chéile. Dá bhfeicidís aon bhád ag teacht, chrochaidís bratach mór bán, mar a bheadh seol ann, d’fheicfeadh an túr eile a bhí in Árainn an bratach le go mbeadh a fhios ag muintir Co. an Chláir go raibh an namhaid ag teacht. Lastaí tine san oíche mar chomhartha ar an gcontúirt.

"Stair an ‘Watchtower"

Tógadh an “Watchtower” i gCaladh Ghólaim sna 1940aidí le linn an Dara Cogadh Domhanda. Is ann a bhí an chéad fhón i gCeantar na nOileán. Ba é an Ceannaire a bhí ar ná Paddy Jeaic as Foirnis agus ba iad na saorálaithe (volunteers) a bhí ag obair ann ná Sonaí Ó Biadh, Johnny Jeaic Mheáig, Pat Bhaba, John Mhichaelín, Maidhc Johnny, Tom Bheachla agus Marcas Mhicil

Picture2.jpg
Picture4.jpg

Stair an Mhonarcha Chniotála

Bhíodh monarcha cniotála i mBaile na Cille sna 1940adaí. Seo áit a mbídís ag cniotáil stocaí don Arm.

Chuaigh sé trí thine agus níor atógadh é ina dhiaidh sin agus tá ballaí an fhoirgnimh fós ina seasamh le hais an phríomhbhóthair ansin.

Stair ‘Hotel of the Isles’

Ba cuid eile de Chlann Mhic Dhonnchadha na Crapaí iad an Dochtúir Mac Donnchadha a raibh cónaí air i nGaillimh agus an tAthair Réamonn a bhí mar shagart pobail in Uachtar Ard. Bhí teach aíochta nó Óstán ag Clann Mhic Dhonnchadha i gCoigéal, ‘Hotel of the Isles’ ab ainm don teach aíochta. Is uaidh Mhicil Uaitéir a cheannaigh siad an píosa talún i gcomhair an tí aíochta ag an am. Bhí go leor daoine fostaithe ann. B’iomaí sin duine cáiliúil a lig thairis an oíche ann. Chaith Roger Casement oíche ann ar a thaisteal thrí Chonamara. Bhí fear saibhir Sasanach darbh ainm an tUasal Aderly ann ar feadh tréimhse fada. Bhíodh seisean ag fiach, agus ag foghlaeireacht. Cheannaigh Clann Mhic Dhonnchadha teach ceann tuí a raibh ceadúnas óil leis ó fhear darbh ainm an tUasal Ranking. Anseo a bhí an teach ósta acu. Ba theagascóir iascaigh é an tUasal Ranking arbh as Albain dhó. Bhí stór ag Tigh Mhicil Mhac Rua ina mbídís ag deisiú eangacha. Glaoitear Ranking’s Pass ar an áit inniu idir Tigh Mharcuis Mhicil Bhreathnaigh agus teach ósta Tigh Lee.

Picture5.jpg
  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
Picture7.jpg

Stair ‘An Office’

In aimsir an drochfhliú i Leitir Mealláin, bhí Ospidéal fiabhrais ann, nó an ‘fever hospital’ mar a thugtaí uirthi. Bhásaigh an t-uafás daoine óga, fir bhreátha agus mná óga as an gceantar. Mhair an tinneas ar feadh sé mhí. Bhí beirt bhanaltraí ag obair ann oíche ‘s lá. Ba é Pat Mhicilín Ó Flatharta as Leitir Mealláin a bhí freagrach as na coirp a chur sa Reilig. Bhí seisean pósta le hiníon le Tóna Ó Confhaola. Nuair a dúnadh an t-ospidéal, úsáideadh an fhoirgneamh mar oifig nó “office” le haghaidh cíos a íoc leis na Tiarnaí Talún. Inniu fhéin, glaoitear ‘an t-office’ ar an áit seo i gcónaí. Ag deireadh na bliana a d’íocfadh chuile dhuine an cíos le fear darbh ainm an tUasal Ó Cuirtín (Curtain). Céard a rinne sé an bhliain áirithe seo ach bailiú leis chuig an Astráil. Tháinig a mhuintir chuig ‘an office’, thugadar cónra isteach ann ag déanamh amach go raibh an tUasal Curtain básaithe. Líonadar an chónra le clocha, ‘s pluideanna, agus cuireadh i reilig in Oirthear na Gaillimhe an bailitheoir cíosa a bhí beo fós san Astráil. Tógadh leac cuimhneacháin air freisin. Ba é an tAthair Marcus Ó Conaire, uncail le Sean-Phádraig, an sagart a bhí sa cheantar ag an am.

Stair Shéipéal Réalt na Mara

Stair Shéipéal “Réalt na Mara” – Cáit Nic Dhonncha as Ath-oscailt Theach Pobail Réalt na Mara Leitir Mealláin

 

Sa mbliain 1887 a tógadh Séipéal Réalt na Mara i Leitir Mealláin. Roimhe sin, bhí Séipéal ceann tuí suite ar an Teach Mór timpeall céad slat ar thaobh na láimhe clé suas ón áit a raibh Tigh Tom Lee.

 

Le linn don Athair Marcus Ó Conaire as Ros Muc a bheith ina Shéiplíneach ina pharóiste dúchais Ros Muc a tógadh an séipéal seo. Ag an am sin, bhí Leitir Mealláin istigh le Paróiste Chill Bhriocáin, Ros Muc.

 

Ba é Beartlaín Mháirtín Ó Conghaile a thug an talamh saor in aisce i gcóir an tséipéil ag an am.

 

Ba iad Deartháireacha de Búrca as Uachtar Ard a rinne an obair thógála uilig ar an Séipéal. Ar ndóigh, is balla cloiche atá sa Séipéal. Baineadh na clocha seo as talamh Mhicil Ó Flatharta nó Micil Pháidín Mhicil a raibh talamh aige timpeall an tséipéil. Chuir muintir Leitir Mealláin a gcuid ama ar fáil saor in aisce ag baint chlocha i gcóir an tSéipéil agus ag freastal ar na tógálaithe. Sé mhí a deirtear a thóg sé an Séipéal seo a dhéanamh. Uncail le Tom Lee, fear darbh ainm Pádraig Ó Cuanaigh, a d’iompar chuile cheann de na Tíleanna i gcóir an tSéipéil ar a dhroim i gcliabh ón Tanaí Mhóir i Leitir Mealláin, go dtí an áit a raibh an Séipéal á dhéanamh. Saltracha adhmaid a tháinig isteach faoi thír sa gceantar seo agus i gceantar Charna a húsáideadh sa díon a cuireadh ar an Séipéal. Bhí Gailearaí sa Séipéal ag an am seo. Ní raibh suíocháin ar bith sa Séipéal i dtús ama.

Picture3.jpg
Picture6.jpg

Stair An Seanchaisleáin

Seo ceann de Chaisleáin na bhFlathartach i gCuan Choigéil a tógadh timpeall 1480 in áit straitéiseach, idir dhá uiscebhealach agus bhí an chumhacht uilig acu ar an trádáil isteach agus amach as an gCuan.

Bhí chuile rud bunaithe ar an bhfarraige agus ar bháid mórthimpeall an cheantair seo agus bhí na Flathartaigh ar cheann de na treibheanna ba láidre. Caisleán trí stór a bhí anseo uair amháin ach deirtear sa seanchas gur tógadh na clocha as na ballaí chun Droichead Choigéil a thógáil ach níl aon fhianaise againn dó seo. Ceaptar gur maraíodh an Flathartach i gCath Chionn tSáile é agus gur ag nia leis a fágadh an Caisleán atá tite ó shin

Filí an Cheantair

Is iomaí file a shaothraigh a mbeatha sa gceantar seo freisin san am atá caite. Duine de na filí is cáiliúla uilig acu ná Colm de Bhailís as Baile na Cille ar fhoilsigh Conradh na Gaeilge seacht n-amhrán déag leis i 1904 sa leabhar Amhráin Choilm de Bhailís. Chomh maith le bheith ina Fhile/Scéalaí/Staraí ba iontach an fear ceirde a bhí ann chomh maith mar saor cloiche agus mar fhear le sábh.

Bhain Filí eile mar Bhidín a’ Chlochartaigh as Baile na Cille, Paddy Bheartlaín Val as Poll Uí Mhuirinn agus Nan Seoighe as an gCnoc cáil amach sa gceantar chomh maith.

Picture8.jpg
Picture9.jpg

Stair Reilig Chuigéil

Ceanglaíonn Droichead Chuigéil an dá cheantar poist Baile na Cille agus Leitir Mealláin le chéile agus taobh thiar dó seo atá Reilig Chuigéil suite.

Tá réimse leathan leachtanna sochraide i Reilig Chuigéil i Leitir Mealláin a théann siar go dtí go deireanach san 18ú, an 19ú agus an 20ú hAois seo caite. Níl aon leachtanna ar an láthair a théann siar níos faide ná an 18ú haois.

Déanann na leachtanna sa Reilig seo taifead ginealaigh suimiúil ar na daoine a bhí sa gceantar agus is taifid áille iad d’ealaín na ndaoine, ealaín agus dearadh, siombalachas agus íocónagrafaíocht agus léiríonn siad oidhreacht shaibhir nach mór a chosaint agus a chaomhnú.

Stair Reilig an tSeanbhaile

Is í Reilig an tSeanbhaile an reilig is sine i gCeantar na nOileán agus í suite in íochtar Bhaile na Cille in áit álainn chiúin, shuaimhneach.

De réir an tseanchais, deirtear gur anseo a bhí cónaí i dtús ama ar mhuintir an bhaile in áit suite in aice na farraige agus daoine ag baint a slí mhaireachtála as an gcladach ach anois atá tréigthe go hiomlán agus daoine aistrithe suas go barr an bhaile chun cur fúthu ann. Bhí ceithre theach ar an Seanbhaile suas go dtí aimsir an Ghorta de réir fianaise. Tá leathnú curtha ar an reilig le cúpla bliain anuas.

'Tugadh Baile na Cille ar an mbaile mar gheall go raibh Cill nó Teampall ann a thóg Naomh Feichín agus cheithre dhuine dhéag eile a tháinig in éineacht leis as Árainn' (Mná Ghaeltacht i gCéin, 1998: 7). Tógadh an teampall féin thart ar an mbliain 849, ceaptar.

Picture10.jpg
bottom of page